
Cén fáth a bhfuil cur chun cinn na Gaeilge agus teanga an tsóisialaithe tábhachtach?
Tá teanga an tsóisialaithe lárnach de spriocanna agus d’fhís gach scoil atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Tá sé aitheanta go forleathan gur gá úsáid nádúrtha na teanga a spreagadh go réamhghníomhach agus go gníomhach idir daltaí i dtimpeallacht iomlán na scoile chun pobal láidir teanga a bhunú agus a bhuanú. Is sna scoileanna a chruthaítear na príomhghréasáin shóisialta a mbíonn na daoine óga rannpháirteach iontu, agus tá na gréasáin seo i measc na ngréasán is láidre tionchair ó thaobh iompar teanga a chruthú, a chothú agus a chleachtadh.
Cén sprioc atá leis an leabhrán seo?
Is í sprioc an leabhráin seo ná dearcthaí dearfacha agus gníomhartha a spreagadh i measc phobail na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a chuirfidh le cur chun cinn na Gaeilge mar theanga na cumarsáide, an spraoi agus an tsóisialaithe.
Tuigeann Gaeloideachas go mbíonn dúshláin ag na scoileanna lán-Ghaeilge leis seo mar go hiondúil, ní bhíonn na scoileanna suite i lár pobail ina bhfuil an Ghaeilge ina gnáth-theanga chumarsáide. Tá go leor scoileanna i gceantair Ghaeltachta a bhfuil an dúshlán teanga céanna acu. Beidh an leabhrán seo agus na huirlisí iniata chun leasa na scoileanna lán-Ghaeilge sin agus chun leasa na scoileanna Gaeltachta atá ag feidhmiú a gcuid pleananna gníomhaíochta faoin Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta.
Cé dó an leabhrán seo?
Baineann an Ghaeilge le gach ball de phobal na scoile – daltaí, tuismitheoirí, an fhoireann teagaisc, an fhoireann tacaíochta, an príomhoide, an Bord Bainistíochta agus Coiste na dTuismitheoirí. Dá réir, tá deis ag gach duine a bhfuil baint acu leis an scoil an Ghaeilge mar theanga nádúrtha cumarsáide na ndaltaí a spreagadh agus a chothú, agus meon dearfach ina leith a chothú, beag beann ar cén leibhéal líofachta nó cumais atá acu sa teanga.
Conas is fearr an leabhrán seo a úsáid?
Ag úsáid an leabhráin seo mar threoir moltar go ndéanfadh an príomhoide nó éascaitheoir seisiúin chomhairliúcháin agus tobsmaointeoireachta le pobal na scoile nó spriocghrúpaí ar leith den phobal, le moltaí agus smaointe a bhailiú a d’fhéadfaí a chur isteach i bPolasaí Labhairt na Gaeilge don scoil agus/nó chun plé a thosú ar cén fhís agus sprioc atá ag an scoil trí chéile ó thaobh na Gaeilge mar theanga na cumarsáide agus an tsóisialaithe.
I ngach rannóg tá spreagcheisteanna agus spreagsmaointe leis na seisiúin phlé a éascú. Mar thoradh na hoibre seo, ní hamháin go mbeadh polasaí Labhairt na Gaeilge ag an scoil ach bheadh ionchur phobal na scoile uile faighte a spreagfadh úinéireacht ar chur i bhfeidhm an pholasaí céanna.