
Is féidir leis an scoil a bheith mar chroílár líonra na nGael, ag nascadh naíonraí, scoileanna, imeachtaí agus an pobal chun suim i ngnáthúsáid na teanga a spreagadh agus a éascú.
Sa leabhrán seo tá dhá uirlis úsáideacha leagtha amach don scoil chun an Ghaeilge a spreagadh mar theanga an tsóisialaithe, is iad sin:
- Liosta spreagsmaointe agus spreagcheisteanna do phobal na scoile, briste síos de réir caibidlí atá dírithe ar na grúpaí éagsúla a chomhdhéanann pobal na scoile chun an Ghaeilge a spreagadh mar theanga nádúrtha an tsóisialaithe
- Teimpléad de Pholasaí Labhairt na Gaeilge (Aguisín B) – a bhfuil na ceannteidil ann ach atá le hiomlánú de réir rogha agus mianta na scoile ag eascairt as an gcáipéis seo.
Ag úsáid an leabhráin seo mar threoir moltar go ndéanfadh an príomhoide nó éascaitheoir seisiúin chomhairliúcháin/tobsmaointeoireachta le pobal na scoile nó le spriocghrúpaí ar leith den phobal chun:
- plé a thosú ar cén fhís agus sprioc atá ag an scoil trí chéile ó thaobh na Gaeilge mar theanga na cumarsáide agus an tsóisialaithe.
- moltaí agus smaointe a bhailiú a d’fhéadfaí a chur isteach i bPolasaí Labhairt na Gaeilge don scoil
I ngach caibidil tá spreagcheisteanna agus spreagsmaointe leis na seisiúin phlé a éascú. Mar thoradh na hoibre seo, ní hamháin go mbeidh Polasaí Labhairt na Gaeilge ag an scoil ach beidh ionchur phobal na scoile uile faighte a spreagfaidh úinéireacht ar chur i bhfeidhm an pholasaí céanna.
Íoslódáil Powerpoint
Íoslódáil PDF
Acmhainní agus naisc ó fhoinsí seachtracha
Má tá ábhar le moladh agat, seol chugainn é: eolas@gaeloideachas.ie
- Na Limistéir Phleanála Teanga Gaeltachta
- Bairbre Uí Chathail, Oifigeach Pleanála Teanga, Leitir Ceanainn ag labhairt faoin ról atá ag Oifigeach Forbartha Gaeilge don Líonra sa mbaile sin