
Tuismitheoirí na scoile a spreagadh chun an méid Gaeilge atá acu a úsáid chun léiriú dá gclann go bhfuil suim acu sa teanga.
- Liosta spreagsmaointe agus spreagcheisteanna do phobal na scoile, briste síos de réir caibidlí atá dírithe ar na grúpaí éagsúla a chomhdhéanann pobal na scoile chun an Ghaeilge a spreagadh mar theanga nádúrtha an tsóisialaithe
- Teimpléad de Pholasaí Labhairt na Gaeilge (Aguisín B) – a bhfuil na ceannteidil ann ach atá le hiomlánú de réir rogha agus mianta na scoile ag eascairt as an gcáipéis seo.
Ag úsáid an leabhráin seo mar threoir moltar go ndéanfadh an príomhoide nó éascaitheoir seisiúin chomhairliúcháin/tobsmaointeoireachta le pobal na scoile nó le spriocghrúpaí ar leith den phobal chun:
- plé a thosú ar cén fhís agus sprioc atá ag an scoil trí chéile ó thaobh na Gaeilge mar theanga na cumarsáide agus an tsóisialaithe.
- moltaí agus smaointe a bhailiú a d’fhéadfaí a chur isteach i bPolasaí Labhairt na Gaeilge don scoil
I ngach caibidil tá spreagcheisteanna agus spreagsmaointe leis na seisiúin phlé a éascú. Mar thoradh na hoibre seo, ní hamháin go mbeidh Polasaí Labhairt na Gaeilge ag an scoil ach beidh ionchur phobal na scoile uile faighte a spreagfaidh úinéireacht ar chur i bhfeidhm an pholasaí céanna.
Íoslódáil Powerpoint
Íoslódáil PDF
Acmhainní agus naisc ó fhoinsí seachtracha
Imeachtaí as Gaeilge do Thuismitheoirí agus a gClanna
Is iomaí rud atá le déanamh as Gaeilge ag tuismitheoirí agus teaghlaigh timpeall na tíre seo. Idir imeachtaí ar líne go himeachtaí sa bhfíorshaol. Má tá suim agat freastal ar imeacht trí Ghaeilge, seo cúpla dream arbh fhiú go mór breathnú orthu:
An Carn (Condae Dhoire)
Cill Dara le Gaeilge
Comhluadar Luimnigh
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich (Béal Feirste)
Cultúrlann Uí Chanáin (Doire)
Gaeilge Locha Riach (Condae Na Gaillimhe)
Glór Cheatharlach
Glór na Móna (Béal Feirste)
Glór na nGael
Líonra Leitir Ceanainn (Tír Chonaill)
Sult na Sollán (Condae Chill Dara)
Tearmann Teaghlaigh
Tuismitheoirí Chill Dara
Tuismitheoirí le Gaeilge i mBaile Átha Cliath
Tuismitheoirí le Gaeilge i gCathair Na Gaillimhe
Tuismitheoirí na Gaeltachta
Tús Maith / Oidhreacht Chorca Dhuibhne
I measc na ndreamanna éagsúla thuas, tiocfaidh tú ar acmhainní suimiúla nó imeacht éigin feiliúnach do do theaghlach le meascán rudaí ann do theaghlaigh gan Ghaeilge, le beagán Gaeilge agus do thuismitheoirí a bhfuil Gaeilge líofa acu. Tá sé tábhachtach do pháistí atá ag freastal ar naíonraí agus scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht, ach go háirithe, go dtuigfidh siad go labhraítear Gaeilge lasmuigh d’uaireannta scoile agus i gcomhthéacsanna sóisialta neamhscoile.